Ceol / Music

Ceol / Music

Tríd an bhféinmheastóireascht scoile roghnaíomar mar fhoireann diriú ar ábhar an cheoil sa scoilbhliain 2018/19. D’éirigh linn plean uile-scoile a chur ar bun trí mhúinteoirí ranga ag obair le chéile lenár múinteoirí cheoil, M. Conor agus M. Julie. Chuireamar béim faoi leith ar an léiriú (performance). Ina theannta sin, ag breathnú ar an talann eile a bhí againn i measc na foirne scoile, rinneamar cinneadh deis a thabhairt do pháistí rang 1 – rang 6 an Ukelele a fhoghlaim. Le cabhair an Bhoird Bhainistíochta agus faoi stiúr M. Conor, cuireadh sraith seacht rang sa Ukelele ar fáil do ghach rang sa scoil le linn na bliana. Bhain na páistí ar fad an-taitneamh go deo as an Ukelele a fhoghlaim.

Ceol Traidisiúnta:

Sa scoilbhliain 2019/20 an plean a bhí ann ná tús a chur le banna cheoil na scoile agus an deis a thabhairt do na páistí a bhí ag foghlaim uirlis cheoil teacht le chéile ag seinm cheoil. Bhí cuireadh ag gach páiste i ranganna 4-6 páirt a ghlacadh ar an gcéad dul síos roimh Nollaig. De bharr an éilimh mór a bhí ar seo, bhí plean eile ag teastáil uainn. Tháinig M. Julie isteach sa scéal agus thóg sí uirthi cúraim rang a 6 a stiúradh do Shearmanas an tSolais agus ina dhiaidh sin don Chéad Fhaoistin. Ag an am céanna agus de bharr na suime a bhí á léiriú ag páistí na scoile i gcoitinne, bheartaíomar an fheadóg stáin a chur ar bun do pháistí rang 1 agus 2 agus bheadh ranganna 3, 4 agus 5 á stiúradh ag M. Gráinne sa triú téarma sna huirlisí cheoil. Beimid ag filleadh ar an bplean seo chomh luath agus is féidir linn. Idir an dá linn seo chugaibh blas den cheoil ó bhanna cheoil na scoile na bliana 2019/20.

During the 2019/20 school year, we set up a school band to give the children who were learning a musical instrument the opportunity to meet up and play together. Every child in 4th-6th class was given the opportunity to participate before Christmas. As the demand was so high, we needed another plan. M.Julie then became involved and conducted the 6th class students during their performances at the Ceremony of Light and the First Confession. At the same time, and as a result of the interest shown by all of the children in the school, we decided to start the tin whistle for 1st and 2nd class children. 3rd-5th class children who were able to play a musical instrument would be led by M. Gráinne in the third term. We will return to this plan as soon as we can. In the meantime, please enjoy this little blast of music from our traditional band.

Cór na Scoile

I rith na bliana, bíonn cór Scoil Bhríde ag glacadh páirte in imeachtaí atá ar siúl sa scoil, go háirithe an Choineartú agus an Céad Chomaoineach. Déantar ullmhúcháin agus cleachtadh roimh ré agus ansin glacacann siad páirt san Aifreann sa séipéal. Bíonn thart ar seasca páiste sa chór ó ranganna a trí go sé.

Gach bliain anois glacann an scoil páirt sna Peace Proms. Is ceolchoirm ollmhór é seo agus bíonn scoileanna ar fud na tíre ag glacadh páirte ann . Bhí an cheolchoirm ar siúl san RDS i mí Fheabhra na bliana seo. Bhí na páistí ar bís le linn na ceolchoirme agus ní dhéanfaidh siad dearmad go deo ar an oíche iontach seo.

Throughout the year the Scoil Bhríde choir participates in numerous school occasions such as Confirmation and Communion. Great preparation and organisation goes into these occasions and the choir plays an important role in the church on those days. There are up to 60 children in the school choir each year made up of children from 3rd-6th class.

For the last few years Scoil Bhride has participated in the Peace Proms. This is a huge concert in which children from all over the country participate. This years concert took place in the RDS in February. The children were so excited throughout and they will never forget the wonderful evening.

Ceiliúradh Cead Bliain na Scoile, 2017:

Le linn cheiliúradh céad bliain na scoile, thug Uachtarán na hÉireann, Micheál D. Ó hUigínn cuairt ar an scoil agus chan cór na scoile dó. During our 100 year anniversary celebrations, President Micheal D. Higgins visited the school and the school choir sang for him. Available here/Ar fáil anseo.

Ceol / MusicCeol / MusicCeol / MusicCeol / MusicCeol / MusicCeol / MusicCeol / MusicCeol / MusicCeol / MusicCeol / Music
Bealt 06
2024
Laethanta Saoire/Holidays
Bealt 19
2024
Céad Comaoineach/First Holy Communion
Meith 03
2024
Lá Saoire Poiblí/Public holiday
Meith 28
2024
Ag fáil Laethanta Saoire/Summer Holidays
Teagmháil linn
Teagmháil / Contact
Scoil Bhríde 1917,
Bóthar Feadha Cuilinn,
Raghnallach,
Baile Átha Cliath 6,
D06E8K7

01 497 3390


Suíomh / Location
© 2024 Scoil Bhríde 1917