Stair na Scoile - Céad Bliain faoi Bhláth

Scoil Bhríde - Céad Bliain Faoi Bhláth

Bhunaigh Lúise Gabhánach Ní Dhufaigh agus cara léi, Áine Nic Aoidh, Scoil Bhríde ar an gcúigiú lá de mhí Mheán Fómhair, 1917. Dhá pháiste dhéag a bhí i láthair an chéad mhaidin sin ag 70, Faiche Stiabhna, Baile Átha Cliath, ach níorbh fhada go raibh méadú suntasach ag teacht ar líon na bpáistí ann. Roimh dheireadh na bliana céanna, bhí céad páiste ar an rolla acu. Ceal airgid, áfach, aistríodh Scoil Bhríde go dtí 55 Bóthar Pheambróg sa bhliain 1921. Ní gan dua a théann scoil chun cinn, ámh, agus faoin mbliain 1926, b’éigean do Lúise agus Áine an scoil a chur faoi chúram na Roinne Oideachais. Sa bhliain 1931, bhronn an rialtas foirgneamh ag 19 Ardán Phort an Iarla ar Scoil Bhríde agus ba ó neart go neart a chuaigh an scoil ina dhiaidh sin. Ó 1965 i leith, is ar Bhóthar Oakley, Raghnallach atá Scoil Bhríde suite.

Bheadh sé deacair stair Scoil Bhríde a phlé gan trácht a dhéanamh ar an ngaol idir Pádraig Mac Piarais agus Lúise Ghabhánach Ní Dhufaigh. Bhunaigh an Piarsach Scoil Éanna – scoil lán-Ghaelach do bhuachaillí – i dTeach Feadha Cuillinn, Raghnallach sa bhliain 1908. Nuair a aistríodh an scoil go Ráth Fearnáin sa bhliain 1910, bhunaigh Pádraig Mac Piarais Scoil Íde do chailíní sa teach folamh, Teach Feadha Cuillinn. Thosaigh Lúise Gabhánach Ní Dhufaigh ag múineadh i Scoil Íde sa bhliain 1911, agus chuir sí aithne mhaith ar an bPiarsach ann. Níor mhair Scoil Íde ach dhá bhliain (1910-1912), ach mhúscail an bhliain a chaith Lúise ann a spéis i dteagasc trí mheán na Gaeilge. I ndiaidh bhás an Phiarsaigh in 1916, bhí Lúise tiomanta fís an Phiarsaigh a chomhlíonadh, agus bhunaigh sí Scoil Bhríde sa bhliain 1917 dá bharr.

Ba í Lúise Ghabhánach Ní Dhufaigh céad phríomhoide na scoile, agus d’fhan sí sa phost ó 1917 go dtí 1944. Seachtar príomhoidí éagsúla a bhí ag Scoil Bhríde idir 1944 agus 2017 – Máire Ní Cheallacháin (1944-1950), Cáit Ní Ghrifín (1950-1964), Siobhán Uí Mhurchú (1964-1967), Mairéad Ní Ghacháin (1967-1970), Máire Uí Shéaghdha (1970-1991), Iseult Ní Chléirigh (1991-2011) agus Tríona Uí Mhaoldomhnaigh (2011-2017). Ag tus na bliana 2018, roghnaíodh Gráinne Dollard mar phríomhoide ar an scoil agus tá sí ann ó shin.

Thug an ceiliúradh céad bliain deis iontach dúinn i Scoil Bhríde súil a chaitheamh ar phíomhchuspóirí ár mbunaitheoirí. Theastaigh ó Lúise Gabhánach Ní Dhufaigh agus ó Áine Nic Aoidh, scoil a chur ar fáil ‘ina ndéanfaí cainteoirí líofa Gaeilge de na daltaí’[i]. Theasaigh uathu freisin ‘go gcoinneofar spiorad na bPiarsach beo ann i gcónaí agus go gcomhlíonfar a mianta agus a gcuspóirí i Scoil Bhríde.[ii] D’oibrigh múinteoirí agus iarmhúinteoirí Scoil Bhríde go dian dícheallach ar na cuspóirí céanna le breis is céad bliain anuas, agus dá mbeadh Lúise agus Áine fós linn inniu, is cinnte go mbeidís an-bhródúil as an scoil mar atá sí in 2020. Tá éileamh an-mhór ar an nGaelscolaíocht i mBaile Átha Cliath anois, dar ndóigh, agus caithfidh an chéad ghlúin eile a seacht ndícheall a dhéanamh le cinntiú nach gcaillfear spiorad na bPiarsach i Scoil Bhríde. ‘Is iad (Pádraig agus Liam Mac Piarais) pátrúin ár scoile iad agus cuireadh faoina n-aire agus faoina gcoimirce í le súil go mairfeadh spiorad na nGael inti’[iii]. Maireann, agus le cúnamh Dé, mairfidh go deo.

Tagairtí

[i] Gabhánach Ní Dhufaigh, Lúise, ‘Lúise Gabhánach Ní Dhufaigh; Ag Insint a Scéal Féin’ in Mairéad Ní Ghacháin, Lúise Gabhánach Ní Dhufaidh agus Scoile Bhríde, (Dublin; Johnswood Press, 1993), p. 5.

[ii] Ibid. p 6.

[iii] Ibid.

----------------------------------------------

Scoil Bhríde was founded by Louise Gavin Duffy and Áine Nic Aoidh on the 5th of September, 1917. There were twelve children present on that day at 70 Stephens Green, Dublin, but it wasn’t long before the numbers enrolled in the school increased significantly. By the end of that year, there were one hundred children on the school roll book. Due to a lack of finances, however, the school moved to 55 Pembroke Road in 1921. No school is founded without difficulties and by 1926 Louise and Áine had to hand the school over to the Department of Education. In 1931, the government granted the school 19 Earlsfort Terrace and the school went from strength to strength from this period onwards. In 1965, the school moved to Oakley Road, Ranelagh where it is still located today.

It would be difficult to discuss the history of Scoil Bhríde without mentioning the connection between Patrick Pearse and Louise Gavin Duffy. Pearse founded Scoil Éanna – an all-Irish school for boys – in Cullenswood House, Ranelagh in 1908. When the school was transferred to Rathfarnham in 1910, Pearse founded Scoil Íde in the vacant Cullenswood House. Louise Gavin Duffy began teaching in Scoil Íde in 1911 and she began to get to know Patrick Pearse very well during this period. Unfortunately the school only lasted two years (1910-1912), but this period ignited Louise’s interest in teaching through the medium of Irish. After Patrick Pearse’s death in 1916, Louise was determined to fulfil Pearse’s vision and as a result she founded Scoil Bhríde in 1917.

Louise Gavin Duffy was the first principal of Scoil Bhríde and she remained in the post from 1917-1944. Scoil Bhríde then had seven principals between the period of 1944-2017; Máire Ní Cheallacháin (1944-1950), Cáit Ní Ghrifín (1950-1964), Siobhán Uí Mhurchú (1964-1967), Mairéad Ní Ghacháin (1967-1970), Máire Uí Shéaghdha (1970-1991), Iseult Ní Chléirigh (1991-2011) agus Tríona Uí Mhaoldomhnaigh (2011-2017). At the start of 2018, Gráinne Dollard was appointed principal of Scoil Bhríde.

The one hundred year anniversary celebrations gave us a great opportunity in Scoil Bhríde to review the main objectives of our founders. Louise and Áine were determined to establish a school which would help the children become fluent Irish speakers. They also wanted to maintain the spirit of the Pearse brothers and to fulfil their desires and objectives in Scoil Bhríde. Current and past teachers have worked extremely hard over the past one hundred years to fulfil these objectives and if Louise and Áine were still with us today, it’s certain they would be extremely proud of the school as it is now in 2020. There is a great demand for Irish medium education in Dublin now, however, the next generation must make sure that the spirit of the Pearse brothers is never lost in Scoil Bhríde.

Már 25
2024
Laethanta Saoire na Cásca/Easter Holidays
Aib 17
2024
Céad Fhaoistin/First Confession
Bealt 06
2024
Laethanta Saoire/Holidays
Bealt 19
2024
Céad Comaoineach/First Holy Communion
Teagmháil linn
Teagmháil / Contact
Scoil Bhríde 1917,
Bóthar Feadha Cuilinn,
Raghnallach,
Baile Átha Cliath 6,
D06E8K7

01 497 3390


Suíomh / Location
© 2024 Scoil Bhríde 1917