Cumann na dTuismitheoirí / Parents Council

Tá Cumann na dTuismitheoirí ar bhun i Scoil Bhríde le blianta fada agus dar ndóigh mar phobal scoile táimid an-bhuíoch díobh as ucht an obair ar fad a dhéantar tríd an gCumann ar son Scoil Bhríde. Tá bunús ag an gCumann le teacht as an Acht Oideachas (1998) cuid 26 Parents’ Association. Anuas ar sin, tá treoir faoi leith ar fáil tríd an gComhairle Náisiúnta na dTuismitheoirí ag www.npc.ie.

Anseo i Scoil Bhríde tá beirt ionadaithe ranga roghnaithe do gach rang agus iad mar bhall de Chumann na dTuismitheoirí Scoil Bhríde. Go hiondúil, tá ionadaí amháin ann do na tuismitheoirí a bhfuil cailíní acu sa rang, agus ionadaí eile ann do na buachaillí. Cuirtear fáilte roimh tuairimí gach tuismitheoir sa scoil agus is tríd na hionadaithe ranga a roinntear na tuairimí céanna.

Mar sin, má thagann smaoineamh iontach chugat is féidir é a phlé le d’ionadaí ranga. Ina dhiaidh sin, déantar plé ar an smaoineamh ag léibhéal cruinniú Cumann na dTuistí agus má mheastar ag an bpointe sin gur rud fiúntach é ar leasa páistí Scoil Bhríde, cuirtear ar aghaidh le bheith pléite ag an gcruinniú Coiste Liaison é, áit a dhéanfar tuilleadh plé air. Is iad an Coiste Liaison ná Cathaoirleach an Bord Bainistíochta, Carthaoirleach Cumann na dTuismitheoirí, Príomhoide na Scoile agus Príomhoide Tánaisteach na Scoile.

Uaireanta is féidir cinneadh a dhéanamh air ag an gcruinniú Liaison sin agus uaireanta eile bheadh gá é a chur ar aghaidh chuig an mBord Bainistíochta é. Dár ndóigh, ní fios go dtí go bpléitear é. Más gá an t-ábhar plé a chur ar aghaidh chuig an mBord Bainistíochta, pléifear ag an gcéad chruinniú eile de chuid Bhord Bhainistíochta na scoile é, agus munar gá tuilleadh taighde a dhéanamh nó eolas a bhailiú ar rud faoi leith, déanfar cinneadh air ansin.

Más gá le tuilleadh taighde a bheith déanta air, pléifear arís é ag an gcéad chruinniú Bord Bainistíochta eile nó ag an gcéad cruinniú i ndiaidh don Bhord Bainistíochta an t-eolas ar fad a fháil. Nuair atá cinneadh déanta ag an mBord Bainistíochta, pléifear an cinneadh atá déanta le Cumann na dTuismitheoirí agus cuirfear an t-eolas ar ais chuig an tuismitheoir a raibh an smaoineamh sa chéad áit aige/aici. Roinnfear leis an bpobal scoile i gcoitinne é más rud é go gcuirfear i bhfeidhm é. Muna mbíonn sé curtha i bhfeidhm, ní roinnfear an t-eolas.

---------------------------------------------

The Parents Council has been in operation in Scoil Bhríde for some years now and as a school community we are grateful for the tremendous work carried out through the Cumann on behalf of the school community. The Cumann has its origin in the Education Act 1998, part 26, Parents’ Council. The National Parents’ Council also offers significant help through www.npc.ie

Here in Scoil Bhríde there are two Cumann Representatives representing the parents in each class, one rep for the girls and another for the boys. All ideas are welcomed in the school and it is through the Cumann Representatives that these ideas can be shared and in turn your parent rep will bring your idea to the Cumann meeting for discussion. Depending on the need of the school, your idea may then be taken to the Coiste Liaison for further discussion. The Coiste Liaison is made up of The Chairperson of the Board of Management, the Chairperson of the Parents’ Council, the school Principal as well as the Deputy Principal. Sometimes it is possible to make a decision at the Coiste Liaison and the decision of the Coiste will be communicated back to the original parent through the class rep. At other times it is necessary to bring it to the Board of Management for further discussion.

If it is the case that the topic for discussion needs to go before the Board of Management it is normally added to the agenda for the next meeting. A decision can be made at that meeting unless more information is required to make a decision. In that case the discussion around this topic will be added to the agenda for the following meeting or on the agenda of the next meeting after which the information has been received. When a decision has been reached this decision will be shared with the Cumann. The class rep will report the result of the decision to the parent whose original idea it was. If it is something that will be implemented in the school it will be shared with the school community. If not, there is no need to share the information.

Bealt 06
2024
Laethanta Saoire/Holidays
Bealt 19
2024
Céad Comaoineach/First Holy Communion
Meith 03
2024
Lá Saoire Poiblí/Public holiday
Meith 28
2024
Ag fáil Laethanta Saoire/Summer Holidays
Teagmháil linn
Teagmháil / Contact
Scoil Bhríde 1917,
Bóthar Feadha Cuilinn,
Raghnallach,
Baile Átha Cliath 6,
D06E8K7

01 497 3390


Suíomh / Location
© 2024 Scoil Bhríde 1917