Coiste Gaeilge

Coiste Gaeilge

Is grúpa tuismitheoir tiomanta agus díograiseach iad an Coiste Gaeilge a bhfuil sé mar aidhm acu tacaíocht a thabhairt do thuismitheoirí na scoile a bhfuil cion acu don Ghaeilge agus ar mhaith leo tacú le foghlaim a bpáistí sa bhaile agus le linn a mblianta scoile. Le blianta beaga anuas, tá cúpla tionscnamh curtha chun cinn ag an gCoiste i gcomhairle agus le tacaíocht iomlán ón bPríomhoide agus ó mhúinteoirí Scoil Bhríde.

Le tacaíocht a thabhairt do thuismitheoirí sa bhaile, chuir an Coiste Gaeilge leabhar le chéile le breis is 150 abairt úsáideacha istigh ann, chun cabhrú leo ina saoil Gaeilge laethúil. Chrúthaíomar sraith comharthaí deasa ildaite a chuireann fáilte roimh thuismitheoirí agus páistí na scoile chuig ‘Gaeltacht Scoil Bhríde’. Nuair atá na páistí sa ghairdín, spreagtar na tuistí chun a gcuid Gaeilge a úsáid, agus le tacú leo, chrochamar sraith abairtí Gaeilge timpeall na scoile chun go mbeadh sé ní b’éasca ar thuismitheoirí dul i mbun cumarsáide lena bpáistí, leis na múinteoirí agus lena chéile.

Tá pobal bríomhar de thuismitheoirí againn sa scoil, a bhfuil grá ollmhór acu don Ghaeilge. Tacaíonn an Coiste Gaeilge leo trí sraith ócáidí soisialta a eagrú dóibh, ionas go bhféadfadh an teanga fás ina measc. Tá oícheanta ‘Luas Cainte’ eagraithe againn agus d’fhreastail an t-uafás orthu. ‘Speed dating’ as Gaeilge atá ann, agus bíonn an-spórt 's craic ar na hoícheanta sin.

D’eagraíomar sraith ranganna Gaeilge freisin le béim ar an gcómhra Gaeilge. Ba ranganna neamhfhoirmeálta iad seo agus bhí an-spraoi ag baint leo. Bhí 6 rang ann gach téarma, ag tosú i mhí Mheán Fómhair agus arís ansin i mí Eanáir. D’fhreastail an-chuid tuismitheoirí ar na ranganna seo, agus ní tharlódh sé gan an tacaíocht iontach ón gCumann agus óna múinteoirí Gearóid, Emma, Zelda agus Ciarán.

Is aoibhinn linn ár ról sa scoil ag cothú an grá atá ag tuismitheoirí na scoile don Ghaeilge. Ní mór dúinn ár mbuíochas a chur in iúl dona tuismitheoirí ar fad sa scoil a chabhraíonn linn, ach go háirithe; Eimear O’ Mahony, Gavin Finlay, Gráinne Ní Dhubhghail, Paula Fyans, Sadhbh O’ Dunlaing, Moira Kennedy, Ciarán Doyle, Eleanor Farrell, Katherine Butterly & Ann Corcoran.

----------------------------------------------

The Coiste Gaeilge is a group of committed Scoil Bhríde parents; whose aim is to support parents in the school who love the language and wish to support their children’s learning at home and during their school years. Over several years the Coiste Gaeilge has developed a number of initiatives in co-operation and with the full support of Scoil Bhríde teachers and principals.

To support parents at home, the Coiste Gaeilge produced a book containing over 150 sentences which we use to navigate daily life as Gaeilge. We produced a series of colourful signs which welcomes parents and children to ‘Gaelteacht, Scoil Bhríde’. When in the gairdín, parents are encouraged to use what Irish they have; and in support, we re-produced a series of sentences as Gaeilge and placed these around the school, to make it easier for parents to communicate with their children, teachers & each other.

In Scoil Bhríde, we have a vibrant community of parents who love the language. The Coiste Gaeilge harnessed this by organising a series of social events; creating a space for the language to flourish. We have run a number of ‘Luas Cainte’ nights out which were particularly well attended; think speed dating, as Gaeilge and lots of fun & craic!!

We organised a series of Ranganna Gaeilge, focusing on comhrá. The classes are informal and lots of fun. They consisted of two 6 week terms; commencing in September and January. The classes were very well attended and could not have happened without the generous support of the Cumman along with Muinteoir’s Gearoid, Emma, Ciarán & Zelda.

We the Coiste Gaeilge are delighted to play our parts in nourishing and supporting the love of the language among the community of Scoil Bhríde parents. It’s important to acknowledge and thank these Coiste Gaeilge parents including:- Eimear O’ Mahony, Gavin Finlay, Gráinne Ní Dhubhghail, Paula Fyans, Sadhbh O’ Dunlaing, Moira Kennedy, Ciarán Doyle, Eleanor Farrell, Katherine Butterly & Ann Corcoran.

Már 25
2024
Laethanta Saoire na Cásca/Easter Holidays
Aib 17
2024
Céad Fhaoistin/First Confession
Bealt 06
2024
Laethanta Saoire/Holidays
Bealt 19
2024
Céad Comaoineach/First Holy Communion
Teagmháil linn
Teagmháil / Contact
Scoil Bhríde 1917,
Bóthar Feadha Cuilinn,
Raghnallach,
Baile Átha Cliath 6,
D06E8K7

01 497 3390


Suíomh / Location
© 2024 Scoil Bhríde 1917